Ransaigh ár gcuid Bailiúchán


Bailiúchán Chathair Phort Láirge
Bunaíodh Cathair Phort Láirge idir 853 agus 914 AD mar áit lonnaithe na Lochlannach. De réir Daniel Dowling sa leabhar a scríobh sé ‘Waterfords Streets Part and Present’ tá taifead in annálacha na hÉireann go raibh longphort bunaithe i bPort Láirge faoin mbliain 856 agus úsáideadh é mar bhunáit ruathair ach tréigeadh é in 902 agus athbhunaíodh é in 914 AD. Bhunaigh Ragnall, garmhac Ivor Gan Chnámha bunáit agus thóg sé longphort i bPort Láirge in 914. Bhí agus tá an abhainn agus an trádáil ar mhuir fíorthábhachtach d’fhorbairt Chathair Phort Láirge fós.
 Féach ar na sonraí iomlána ...

Bailiúchán Chomhairle Contae Phort Láirge
Atheagraíodh Rialtas Áitiúil in Éirinn faoin Acht Um Rialtas Áitiúil (Éire) 1898. Cuireadh deireadh leis na hArd-Ghiúiréithe a bhí i gContae Phort Láirge ón tríú haois déag agus cuireadh Comhairlí Contae agus Comhairlí Ceantair Tuaithe a bhuail le chéile go minic, ina n-áit. Bhí na ceisteanna a pléadh ag na cruinnithe sin sonraithe i Leabhair Mhiontuairiscí an bhailiúcháin seo.
 Féach ar na sonraí iomlána...

Bailiúchán Chomhairle Baile Dhún Garbhán
Tagraíonn Acht Parlaiminte a thóg Edward IV isteach i Loch Garman in 1463 do: 'The Portreeve and Commons of the Town of Dungarvan'. Ar an 4 Eanáir 1609/1610 bhronn Séamus 1 cairt ar Dhún Garbhán agus d’fhógair go mbeadh eintiteas dlíthiúil laistigh den bhuirg déanta suas de Thiarna, de Bhráithre agus de Shaorbhuirgéisigh. Faoi dheireadh an tseachtú haois déag áfach is cosúil gur tháinig deireadh le feidhm an eintitis i nDún Garbhán.
Féach ar na sonraí iomlána ...

Bailiúchan Léarscáileanna Dhún Garbhán
In 1832, sholáthar Coimisiún na Teorann tuarascáil agus léarscáil ar theorainneacha bhaile Dhún Garbhán. Soláthraíodh léarscáileanna ní ba shonraíche den bhaile mar chuid de Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann in 1842. Tá na léarscáileanna úd ar fáil ar line anois ó Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann agus iad páirtmhacasamhlaithe anseo.
Féach ar na sonraí iomlána ...

Bailiúcháin an Ard-Ghiúiré
Ba le heascaire Eoin, Rí Shasana agus na Breataine Bige agus Tiarna Éireann a bunaíodh Port Láirge sa tríú haois déag. Sa tréimhse mheánaoiseach riar Sirriam, a cheap an t-údarás ríoga, an contae. Bhí an sirriam freagrach as cánacha a bhailiú, deisiúcháin caisleán, príosúin, socruithe i gcomhair seisiúin chúirte, póilíneacht an chontae, toghchán Cróinéara agus tógáil bhóithre agus oibreacha poiblí eile.
 Féach sonraí iomlána

Bailiúchán Thithe na mBocht / Bord Bardachta
Bunaíodh an Bord Bardachta faoi Acht Dhlí na mBocht, 1838. Roinn an tAcht seo an tír i líon áirithe Aontas Dhlí na mBocht a raibh Bord Bardachta agus Teach na mBocht ag roinnt leo ar fad. Bhí ceithre Aontas Dhlí na mBocht ag Contae Phort Láirge: Dún Garbhan, Coill Mhic Thomáisín, Lios Mór agus Port Láirge. Ba úinéirí áitiúla talún iad baill na mBord Bardachta. Cuireadh freagracht as ‘leas sóisialach’ agus sláinte phoiblí na ndaoine laistigh d’Aontas Dhlí na mBocht orthu.
Féach ar na sonraí iomlána ...

Páipéir Eastát an Leasa Móir 
Tá taifid an naoú haois déag d’Eastát an Leasa Móir á gcoinneáil ag Cartlann Chathair agus Chontae Phort Láirge. Tagraíonn Eastát an Leasa Móir d’eastáit na nDiúc Devonshire agus baineann sé le tailte atá lonnaithe ar an mórmhór i gContae Phort Láirge agus i gContae Chorcaí. Bhí Caisleán an Leasa Móir ina shuíochán ag Diúic Devonshire in Éirinn agus is amhlaidh atá go dtí an lá atá inniu ann.
 Féach ar na sonraí iomlána ...

Bailiúchán na bPáipéar Príobháideach
Tá roinnt bailiúchán príobháideach ag an gCartlann Cathrach agus Contae. Ina measc sin tá Páipéir Chearnley a bhaineann leis an tréimhse 1671-1915 agus a bhaineann leis na teaghlaigh Musgrave agus Chearnley a raibh cónaí orthu i Sáiltiobraid, barúntacht na Coise Móire agus na Coise Bride, Contae Phort Láirge.
Féach ar na sonraí iomlána ...