Taifid Adhlactha i bPort Láirge

Má mhaireann siad, coimeádann cláraitheoir/rúnaí an pharóiste áitiúil na buntaifid adhlactha. Chun sonraí teagmhála a aimsiú do pharóistí Caitlicigh Rómhánacha i bPort Láirge seiceáil an suíomh idirlín do Dheoise Phort Láirge agus An Leasa Mhóir agus do shonraí teagmhála Eaglais na hÉireann, seiceáil an suíomh idirlín do Dheoise Aontaithe Deoise Chaisil, Phort Láirge, An Leasa Mhóir, Fhearna, Osraí agus Leithghlinne.

Bunachar Inscríbhinní Uaighe
Gheobhadh ar ndóigh, go mbeadh go leor reiligí nach maireann aon taifead adhlactha dá gcuid, go leor reiligí atá dúnta, nó roinnt nach bhfuil faoi úinéireacht an pharóiste áitiúil. D’oibrigh grúpaí áitiúla pobail agus Solas (FÁS) le chéile chun leaca uaighe a ghlanadh agus eolas a thaifead uathu i reiligí éagsúla timpeall ar Chathair agus ar Chontae Phort Láirge. Deineadh sainscagadh ar an eolas seo agus tá sé ar fáil i mbunachar inchuardaithe ar líne ag Leabharlann Cathrach agus Contae Phort Láirge faoin teideal "Grave Inscriptions Database".

Acmhainní Digitithe eile
Cuireadh dualgas ar Bhord Bardachta in Aontais Dhlí na mBocht, mar "Údaráis Sláintíochta", a bhí i bhfeighil ar Thithe áitiúla na mBocht, d’oibriúchán na reiligí sa Chathair agus sa Chontae. D’fheidhmigh Comhairle na Cathrach mar Údarás Sláintíochta chomh maith, mar a bhí an tArd-Ghiúiré agus Comisinéirí Bhaile Dhún Garbhán. Go luath san 20ú céad, d’oscail an Chomhairle Contae nua Comhairlí Ceantair Tuaithe agus Comhairle Ceantair Uirbeach, bunaithe faoin Acht Rialtas Áitiúil 1898 a bhí ag feidhmiú mar Údaráis Sláintíochta, reiligí nua nó ghlacadar freagracht as roinnt de na reiligí níos sine. Cuireadh freagracht na reiligí úd ar Chomhairle Contae Phort Láirge nó ar Chomhairlí Bhaile nuair a cuireadh deireadh le Comhairlí Ceantair Tuaithe sa bhliain 1925.

Choimrigh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge na taifid adhlactha a mhair ó na húdaráis seo. Cuireadh na taifid adhlactha ar fáil mar dhoiciméid PDF (níl áis chuardaigh ann) ach san áit go bhfuil inneács sa taifead, is féidir é seo a úsáid chun teacht ar iontrálacha ar leith. Cuirtear mapaí de gach reilig ar fáil chomh maith. Is féidir leat cliceáil ar gach mapa atá ar fáil agus iad a dhéanamh níos mó chun go mbeidh uimhreacha plotaí aonair sofheicthe ar an mapa.

  • Reilig Naomh Odhrán (tugtar Reilg Bhaile na nDéiseach uirthi seo chomh maith).
  • Reilig Naomh Déaglán, Aird Mhór.
  • Reilig Naomh Chárthaigh, An Lios Mór.
  • Reilig Naomh Pádraig, Trá Mhór.
  • Reilig Naomh Muire, Baile an Bhuitléirigh.

  • Leabhair Shochraide Thompson
    Is ceann de na gnóthaí clann-stiúrtha is sine in Éirinn iad Thompson Funeral Directors i bPort Láirge agus tá seirbhísí adhlacóra á chur ar fáil acu i gCathair agus i gContae Phort Láirge le breis is 225 bliain óna n-oifigí i gCathair Phort Láirge agus óna n-oifig brainse ar an Trá Mhór, Co. Phort Láirge.

    Thug Leabharlanna Cathrach agus Contae Phort Láirge faoi na Leabhair Shochraide a thagann aníos chugainn ó 1874 ar aghaidh, a dhigitiú agus a fhoilsiú, i bhformáid Ríomhleabhair. Cuireann na taifid seo le saibhreas na sonraí a chuireann go mór le Staidéir Phort Láirge agus cuireann siad lenár gcnuasach digiteach mar thacaíocht ar thaighde sóisialta agus gineolaíochta ar ardchaighdeán.

  • Leabhar Sochraide 1874-1892
  • Leabhar Sochraide 1902-1929
  • Leabhar Sochraide 1903-1929
  • Leabhar Sochraide 1910-1918

  • Tá na leabhair seo a leanas ar fáil do thaighdeoirí arna lorg agus is féidir teacht orthu sa Lárleabharlann nó i Leabharlann Dhún Garbhán. Téir i dteagbháil leis an Roinn Staidéar Áitiúil chun coinne a dhéanamh nó chun teacht ar níos mó eolais.

  • Leabhar Sochraide 1939-1951
  • Leabhar Sochraide 1971-1972
  • Leabhar Sochraide 1973-1975
  • Leabhar Sochraide 1976-1977
  • Leabhar "Car and Taxi Hire" 1971-1976