Scipeáil chuig ábhar

Iarratais á lorg do Scéim Scoláireachtaí na Gaeltachta 2026 de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

An Oifig ÉireannachTá áthas ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge Scoláireachtaí Gaeltachta a fhógairt do mhac léinn(í) dara leibhéal ó Phort Láirge chun freastal ar chúrsa Gaeilge i gColáiste na Rinne i Samhradh 2026.

Íomhá: L. Suipeil

Beidh Scoláireacht aonair, nó dhá leathscoláireacht, ar fáil do mhac léinn/mic léinn atá ina gcónaí i gCathair nó i gContae Phort Láirge (laistigh de cheantar riaracháin na Comhairle) chun freastal ar cheann de chúrsaí samhraidh dhá sheachtain Choláiste na Rinne i nGaeltacht iarthar Phort Láirge an samhradh seo chugainn.

Dúirt Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, “Tugann cúrsaí samhraidh Gaeilge Choláiste na Rinne deis iontach do mhic léinn an Gaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht fháilteach agus shábháilte. Ní hamháin go bhfeabhsóidh a gcuid Gaeilge, ach gheobhaidh siad blaiseadh freisin d’oidhreacht chultúrtha bhríomhar na Gaeilge agus iad sa Rinn. Tá áthas ar an gComhairle a bheith in ann tacú le mac léinn/mic léinn an turas iontach seo a dhéanamh sa Ghaeltacht.”

Tá foirm iarratais agus téarmaí agus coinníollacha Scoláireachtaí na Gaeltachta 2026 ar fáil ag https://waterfordcouncil.ie/GaeltachtScholarships2026

Is é an t-am agus an dáta deiridh chun iarratais a fháil 5pm Dé hAoine, 31st Deireadh Fómhair 2025.

Féach ar na Nuacht