Chun vótáil, ní mór duit a bheith cláraithe.
Más é seo an chéad uair atá tú ag clárú, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ag www.checktheregister.ie nó trí chomhlánú foirm iarratais ar féidir í a íoslódáil anseo nó arna iarraidh sin ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.
Chun clárú, beidh ort:
- UPSP
- cód
- Dáta Breithe
- Seoladh teileafóin agus ríomhphoist
Ní mór iarratais nua ar líne nó foirmeacha comhlánaithe a bheith faighte ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tráth nach déanaí ná Dé Máirt 7 Deireadh Fómhair 2025Chun a chinntiú nach gcaillfidh tú an spriocdháta seo, moltar duit d’iarratas a chur isteach go maith roimh ré ar eagla go mbeidh tuilleadh eolais ag teastáil uait.
Ní mór iarratais ar vótáil speisialta* nó vótáil poist nua a bheith faighte ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge tráth nach déanaí ná Dé Luain, 29 Meán Fómhair 2025.
*Is iad na daoine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar stádas vótálaithe speisialta ná daoine a bhfuil cónaí orthu de ghnáth in ospidéal, i dteach altranais nó in institiúid dá samhail agus nach bhfuil in ann vótáil ag Stáisiún Vótála mar gheall ar bhreoiteacht fhisiciúil nó míchumas fisiciúil. Tá sé tábhachtach go leor ama a thabhairt chun an deimhniú ábhartha a fháil sula gcuireann tú an fhoirm chomhlánaithe isteach.
Déan teagmháil
Má tá aon cheist agat, nó más mian leat foirm a iarraidh, déan teagmháil lenár bhFoireann Saincheadúnais:
Ríomhphost saincheadúnais@waterfordcouncil.ie nó glaoigh ar 0818 102020.
