Mar Gheall ar Limistéar Dhún Garbhán/Lios Mór

Is comhchomhlacht de Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge í Comhairle Dhún Garbhán/Lios Mór a dhéanann ionadaíocht do cheantar Dhún Garbhán agus Lios Mór. Tá 9 comhairleoir (ionadaithe tofa) don limistéar seo.

Eagraítear cruinnithe rialta don tarna Luan i ngach mí (seachas Lúnasa). Is é Seomra na Comhairle, Dún Garbhán, a bhíonn mar ionad do na cruinnithe seo.