Loscadh Dramhaíle

Cuireann na rialúcháin nua, ar glacadh leo mar dhlí ar 27 Iúil 2009, na Rialúchain Um Bainistiú Dramhaíola 2009 (Cosc ar Loscadh Dramhaíle) cosc ar leith ar loscadh neamhrialaithe dhrámhaíl tí agus tráchtála (ar a dtugtar 'loscadh sa chúlchlós'). De réir na rialúchán úd tá loscadh dramhaíle neamhrialaithe (loscadh i dtinteán teallaigh san áireamh) ina chion de réir an tAcht Aerthruaillíochta 1987 agus An tAcht Um Bainistiú Dramhaíola 1996 mar atá sé leasaithe.

Is iad na príomhphointí ná:

  • Tá sé mídhleathach aon dramhaíl tí nó tráchtála a loscadh, i.e. loscadh sa chúl chlós.
  • Tá sé mídhleathach dramhaíl ghairdín nó pháirce a loscadh. Ba chóir iadsan a mhúiríniú, iad a chur san araid orgánach nó iad a bhreith go dtí ionad fóntas poiblí.
  • Níl cead ach Dramhaíl Talmhaíochta Neamhéillithe a loscadh, (m.sh: duilliúir ghearrtha, aiteann, rosfhálta, craobhacha, seantuí, féar neamhchóireáilte agus araile a eascraíonn ó chleachtais talmhaíochta) fad is:

  • Nach gcothaíonn sé núis do chomharsana sa cheantar maguaird
  • Gurb é rogha an díogha é tar éis do chéimeanna a bheith glactha chun dramhaíl a laghdú agus a athchúrsáil
  • Nach sáródh an loscadh forálacha an Achta Um Fhiadhúlra
  • Faoi bhrat an Achta Um Fhiadhúlra 1976 & 2000, is cion é aon fhásra a ghearradh, a ghrafadh, a loscadh nó aon fhásra ar thaillte nó fásra ag fás in aon chlaí nó clais a loit in aon slí ón 1 Márta go dtí 31 Lúnasa. Is cóir glaoch ar: the National Parks & Wildlife Service An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (01-8882000) má tá aon fhiosrúchán gur mhaith leat a dhéanamh maidir leis seo.

    Ina theannta sin, sula loscann duine dramhaíl neamhéillithe talmhaíochta is gá na Réamhfhógraí seo a thabhairt:

  • Réamhfhógra a thabhairt don Rannóg Chomhshaoil maidir le Loscadh Dhramhaíl Talmhaíochta
  • Ní mór An Fhoirm Réamhfhógraíochta Um Chomhshaol a chomhlíonadh agus a sheoladh go dtí an Rannóg Chomhshaoil i gComhairle Cathrach & Contae Phort Láirge roimh thús a chur le haon loscadh. Tá an fhoirm sin ceangailte nó ar fáil ó Rannóg an Chomhshaoil ach í a iarraidh ar 0818 10 20 20.

  • Réamhfhógra a thabhairt don Údarás Dóiteain Um Loscadh Dhramhaíl Talmhaíochta.
  • Ní foláir d’aon duine gur mian leis dramhaíl talmhaíochta a loscadh réamhfhógra a chur chuig Ionad Rialaithe Sheirbhís Dóiteáin Chúige Mumhan trí ghlaoch ar 999. Nuair a chuirtear glaoch orthu ba chóir iad a chur ar an eolas maidir leis an am a mbeidh an loscadh atá molta ar bun agus an suíomh ina dtarlóidh sé chun úsáid neamhriachtanach inneall dóiteáin a chosc. Ba chóir a chur in iúl d’Ionad Rialaithe Sheirbhís Dóiteáin Chúige Mumhan nuair atá críoch curtha leis an loscadh.