Cuireann Saoráil Faisnéise ar chumas an phobail teacht ar eolas nach mbíonn ar fáil trí aon fhoinse eile de ghnáth.
Cén t-eolas gur féidir teacht air faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?
Faoi réir dhíolúintí, tugann an tAcht an ceart rochtain ar na taifid seo a leanas a choimeádann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge:
Ní bhaineann an tAcht le heolas a bhíonn ar fáil go rialta, ar nós duillíní eolais, fógraí poiblí nó foilseacháin a fhógraítear sna meáin. Beidh an t-eolas seo ar fáil amach anseo agus ní chaithfear rochtain a lorg faoi Shaoráil Faisnéise.
Ní chuirtear faisnéis atá ar fáil faoi reachtaíocht eile, ar nós pleanála agus comhshaoil, san áireamh san Acht um Shaoráil Faisnéise ach an oiread. Ní athróidh sé seo an ceart atá agat rochtain a fháil ar an eolas seo faoi reachtaíocht eile.
Conas a dhéanaim iarratas?
Caithfidh tú iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus an t-eolas atá á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a lua. Chun cabhrú linn déileáil le d’iarratas chomh mear agus is féidir, tabhair an oiread sonraí agus is féidir leat. Gheobhadh go mbeadh gá le hiarratais a sheoltar trí fhacs nó trí r-phost a dhearbhú. Má tá eolas uait in aon fhoirm ar leith, mar shampla fótachóip nó diosca ríomhaire, cuir é seo in iúl i d’iarratas más é do thoil é.
Cén fhad a thógann sé iarratas a phróiseáil?
Cuirfimid in iúl go bhfuil an t-iarratas faighte laistigh de choicís tar éis dúinn é a fháil agus eiseoimid cinneadh laistigh de 4 seachtain murach go n-aontófar ar shíneadh ama a mbeadh uasmhéid de 4 seachtain eile ag roinnt leis.
Is féidir Athbhreithniú Inmheánach a lorg:
Cad is féidir liom a dhéanamh muna bhfuil mé sásta leis an gcinneadh a glacadh san Athbhreithniú Inmheánach?
Má tá tú míshásta maidir leis an gcinneadh a glacadh san Athbhreithniú Inmheánach, nó muna bhfuil freagra faighte agat laistigh de 3 seachtain ó dháta d’iarratais, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ón gCoimisinéir Faisnéise a iarraidh.
Ba cheart achomhairc a chur chuig: Oifig an Choimisinéara Faisnéise, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Guthán: 1890 223030
R-phost: info@oic.ie
Caithfidh tú táille €50.00 a chur le d’iarratas. Baineann táille íslithe €15 má tá tú faoi chlúdach cárta leighis nó i dtaca le hathbhreithniú a bhaineann le faisnéis tríú páirtí. Níl aon táille d’athbhreithniú a bhaineann le faisnéis phearsanra a bhaineann leat féin amháin nó i dtaca le cinntí táillí nó éarlaisí a ghearradh.
0818 10 20 20
Teagmhálaí: Honor Dunphy
foi@waterfordcouncil.ie