Baile Seirbhíse Gaeltachta

Comhairliúchán Poiblí Bailte Seirbhíse Gaeltachta, Meán Fómhair 2021

Cuireann "Dún Garbhán le Gaeilge" fáilte mhór romhaibh bhur gcuid moltaí a roinnt linn maidir le bearta dhréacht Phlean Teanga do Dhún Garbhán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, ar fáil tríd an nasc seo.

Iarrtar oraibh aiseolas a chur chugainn trí ríomhphost ag bsgdungarbhan@gmail.com faoi Chéadaoin 8ú Meán Fómhair. Táimid ag súil le cloisint uaibh!

Is féidir a thuilleadh eolais faoin bpróiseas Pleanála Teanga agus na Bailte Seirbhíse Gaeltachta a fháil ag:


Dún Garbhán – Baile Seirbhíse Gaeltachta
De réir Acht na Gaeltachta 2012, tá Dún Garbhán ar cheann de 16 ‘Bailte Seirbhíse Gaeltachta’ - sé sin bailte “atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin.”

Beidh Dún Garbhán ag lorg aitheantas oifigúil mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus tá Coiste áitiúil, Dún Garbhán le Gaeilge, bunaithe cheana féin chun tabhairt faoin bpróiseas seo. Beidh ar an gCoiste seo Plean Teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm do bhaile Dhún Garbhán. Plean phobail a bheidh ann, a chuirfidh le húsáid na Gaeilge sa teaghlach, sa phobal, sa chóras oideachais, san earnáil ghnó agus san earnáil phoiblí. Beidh an Coiste ag obair le páirtithe leasmhara ar fud an bhaile chun an Plean seo a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm.

Má tá suim agat a bheith páirteach sa phróiseas seo, nó suí ar an gCoiste, is féidir teagmháil a dhéanamh le:

  • Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge: Teil: 058-22001 nó r-phost: msbreathnach@waterfordcouncil.ie
  • Is féidir a thuilleadh eolais faoin bpróiseas Pleanála Teanga agus na Bailte Seirbhíse Gaeltachta a fháil ag:

  • Suíomh an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta