Oifig na Gaeilge

An Ghaeilge sa Chomhairle

Placeholder imageOibríonn an tOifigeach Gaeilge ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge trí sheirbhísí na Comhairle agus i measc an phobail i gcoitinne.

Tá sé de dhulagas reachtúil ar Chomhairle Contae Phort Láirge, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don bpobal, ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís trí Bhéarla. Ceanglaíonn ár gCairt Chustaiméirí orainn “seirbhís custaiméara atá éifeachtach agus cuirtéiseach a chur ar fáil.” Luann sé chomh maith go “gcuirfear fáilte roimh chustaiméirí gur mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.”

Tugann an chuid seo den suíomh léargas ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá idir láimhe ag Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ar mhaithe leis an nGaeilge.

Má tá aon cheist agat mar gheall ar sheirbhísí Gaeilge na Comhairle nó más mian leat do ghnó a dhéanamh as Gaeilge linn, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar gaeilge@waterfordcouncil.iecliceáil anseo i gcomhair liosta dóibh siúd gur féidir leo seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don bpobal.