Scéim Teanga

Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 d'ullmhú scéim reachtúil ag comhlachtaí poiblí, ag tabhairt mionsonraí faoi na seirbhísí a sholáthróidh siad:

  • trí mheán na Gaeilge,
  • trí mheán an Bhéarla, agus
  • trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla

Leagtar amach na bearta a nglacfar leo chun feabhas ar chur ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí a chuirfear ar fáil trí mheán na Gaeilge laistigh de fhráma ama comhaontaithe.

Seo a leanas Scéim Teanga reatha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge:

De réir Alt 14(3) den Acht, fanann Scéimeanna Teanga i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana, nó go dtí go mbeidh scéim nua faofa ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, pé acu is déanaí.

Sean-Scéimeanna
Is féidir sean-Scéimeanna Teanga Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge a léamh anseo:

  • Scéim Teanga 2018-2021
  • Scéim Teanga 2015-2018