Sraith d’imeachtaí cultúrtha Gaeilge is ea Tionól na nDéise
Déanann Tionól na nDéise ceiliúradh ar oidhreacht agus ar chultúr áitiúil na Gaoluinne i bPort Láirge. Reachtáileann Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge an Tionól mar shraith chainteanna in áiteanna difriúla ar fud an chontae gach bliain.
Tháinig Tionól na nDéise i gcomharbacht ar Thionól an Fhómhair mar a bhíodh (deireadh seachtaine cultúrtha Gaoluinne a reachtáileadh in áit éagsúil uair sa mbliain ón mbliain 2003 go dtí 2012).
Tá Tionól na nDéise tar éis a bheith i mBaile Mhic Cairbre, sa tSráidbhaile, sa Rinn, i nDún Garbhán, i gCill Rosanta agus i bPort Lách go dtí seo.
Reachtáileadh Tionól an Fhómhair i nDún Garbhán, sa Rinn, i dTuar an Fhíona, sa Sean Phobal, i gCill Ghobnait, sa mBaile Dubh, i gCill Rosanta agus sa Trá Mhór.