Tá trí phíosa eolais ríthábhachtach chun teacht ar aon eolas faoi do chlann.
De bharr go bhfuil na taifid eagraithe de réir ainm an bhaile fearthainne beidh sé an-deacair teacht ar do chlann gan an t-eolas seo. Chun comhairle níos sonraí a fháil ar na foinsí do thaighde stair mhuintire i gCathair agus i gContae Phort Láirge, tá foilseachán Sources for Family History in County Waterford ar fáil. Cuirfidh an fhoireann ag na Seirbhísí Leabharlainne agus ag an gCartlann Cathrach agus Contae na foinsí a choimeádann siad ar fáil do thaighdeoirí agus cuirfidh siad aon chabhair gur féidir leo ar fáil duit ach ní féidir leo an taighde a dhéanamh duit.
Chun roinnt comhairle a fháil ar conas tabhairt faoi thaighde ar stair mhuintire moltar duit ár bhfoilseachán "Sources for Family History in County Waterford" a léamh.
Ar mhaithe le treoir bhreise cuireann an tSeirbhís Leabharlainne Clinicí Stair Mhuintire ar fáil ag an Lárleabharlann, Lána Mhuire, Port Láirge ar an Máirt 10rn-12nóin agus ar an gCéadaoin 3-4in. Chun coinne a dhéanamh cuir glaoch gutháin ar 051-849975 nó seol r-phost chuig lstudies@waterfordcouncil.ie
Tá liosta taighdeoirí príobháideacha ar fáil chomh maith ón gCartlann Náisiúnta agus ón Leabharlann Náisiúnta.