Bunachar Sonraí Eisimirce Eastát Chaisleán an Leasa Móir
Fuair an tionscadal seo cistiú faoi Chlár an Aontais Eorpaigh Um Thionscnamh Pobail INTERREG Éire/An Bhreatain Bheag. Mar a léiríonn an t-ainm, ba thionscnamh thrí-shlí é idir na comhpháirtithe Cartlanna Chathair Bhaile Átha Cliath agus Cartlann Chontae Phort Láirge (Snáithe na hÉireann) agus Cartlanna Contae Gwynedd (Snáithe na Breataine Bige). Is í aidhm an tionscadail Celtic Trí ná naisc chultúrtha a chothú idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, naisc idir an dá náisiún a iniúchadh trí cheol, fhilíocht, aistriú, spórt agus an focal labhartha go háirithe trí raon agus úsáid an dá theanga Cheilteach.
Bhí stair theaghlaigh mar ghné thábhachtach den Celtic Trí agus bhí sé seo ina phríomhthréith i seirbhísí na dtrí chartlann ina gcuid tionscadal sceidealaithe, le cistiú á sholáthar ag INTERREG chun ginealeolaithe a cheapadh ar conradh i ngach ceann den trí sheirbhís. Ina theannta sin, bronnadh cistiú INTERREG ar Chartlann Chontae Phort Láirge chun bunachar taifead le sainspéis ginealeolaíochta a chruthú agus foilsiúchán a sholáthar ar fhoinsí ginealeolaíochta sa Chontae. Chun rochtain a fháil ar an mbunachar seo, cliceáil
anseo
Bunachar Sonraí Eisimirce Pháipéir Eastáit Chaisleán an Leasa Móir 1815-1905
Cruthaíodh Bunachar Sonraí Eisimirce Phaipéir Eastáit Chaisleán an Leasa Móir 1815-1905 chun aisghabháil faisnéise maidir le heisimirce ó Eastát Chaisleán an Leasa Móir le linn na tréimhse 1815-1905 a éascú. Baineann Eastát an Leasa Móir le heastáit Diúc Devonshire agus le tailte a bhfuil an chuid is mó díobh suite i gContae Phort Láirge agus i gContae Chorcaí. Ba é Caisleán an Leasa Móir suíochán Diúc Devonshire in Éirinn agus is amhlaidh atá an cás go fóill.
De dheasca teaghlach mór agus ganntanas ionchuis fostaíochta bhí sruth leanúnach d’iarratais curtha chuig gníomhaire Diúc Devonshire nó chuig Diúc Devonshire go pearsanta. Coimeádadh taifead de na hiarratais sin i Leabhair Iarratais na dTionóntaí nó i gcomhfhreagras na linne sin. Dá mbronnfaí deontas chun dul ar imirce coimeádadh taifead de sin i Leabhair Chuntais an Eastáit.
Tá Bunachar Sonraí Eisimirce Pháipéir Eastáit Chaisleán an Leasa Móir déanta suas le ceithre réimse inchuardaithe. Tá an t-eolas atá sna réimsí tógtha go díreach ó Leabhair Iarratais na dTionóntaí, ó chomhfhreagras leis an eastát agus ó Leabhair Chuntais. Tá ainm gach iarratasóra ar gach taifead chomh maith le seoladh (má tugadh é), dáta an iarratais, ceann scribe an iarratasóra (má tugadh é), agus tras-scríbhinn an iontrála atá i ngach ceann de na taifid eastáit thuasluaite. Tá gach iarracht déanta chun cruinneas an eolais a tugadh a chinntiú agus i gcásanna nach bhfuil sé indéanta brí cheart a bhaint as foclaíocht na mbunfhoinsí, tá lúibíní cearnacha curtha isteach le léiriú gur buille oilte faoi thuairim atá tugtha seachas cinnteacht a bheith ag gabháil leis.
Ainm an Tionónta: Tá sonraí sa réimse seo curtha isteach mar iontráil sa tslí seo a leanas: Sloinne [camóg] Céad ainm
Níl caighdeanú déanta ar litriú ainmneacha. Mar sin agus cuardach á dhéanamh is gá triail a bhaint as leaganacha litrithe éagsúla d’ainmneacha. Mar shampla más Ó Briain/O’Brien atá mar shloinne atá á chuardach, ba chóir na hathróga seo a leanas a iontráil, Brien, Brian agus Bryan.
Tabhair do d’aire nach n-úsaidtear réimíreanna, mar shampla, Ó agus Mac ach go fánach sna taifid agus dá réir sin ba chóir cuardach a dhéanamh á gcur san áireamh agus gan iad san áireamh.
Bailte Fearainn
Tá caighdeánú déanta ar litriú logainmneacha sa réimse seo. Is é an caighdeán a úsáideadh ná an caighdeán cinntithe ag Eastát an Leasa Móir féin, nuair a liostáiltear bailte fearainn in innéacsanna foirmeálta. Tá liosta breise ina bhfuil liosta de na bailte fearainn a bhfuil litriú an-difriúil orthu in innéacsanna Eastát an Leasa Móir ná mar atá sa litriú atá san áireamh i bhfoilseácháin ‘Liostaí Logainmneacha Port Láirge’ (Baile Átha Cliath, 1991), Logainmneacha na nDéise, An Canónach P. de Paor (Londain, 1907) agus Bailte Fearainn in Aontais Dlí na mBocht, George B. Handron (SAM, 1997), ar fáil anseo.
Ainmneacha na mBailte Fearainn
Dátaí
Léiríonn an réimse seo an bhliain inar deineadh iarratas chun dul ar eisimirce nó inar deonaíodh cead.
Ceann Scríbe
Tá tír, stát nó cathair a raibh sé de rún ag iarratasóir taisteal chucu luaite sa réimse seo, m.sh. An Ríocht Aontaithe. An Bhreatain Bheag. Cardiff. Tairgeann an bunachar sonraí comhlánaithe taifead inchuardaithe d’imirce ón eastát seo agus tairgeann sé foinse úr cuimsitheach don staraí teaghlaigh. Sa tslí chéanna, soláthraíonn an bunachar sonraí suimiúla dúinn ar eisimirce ó Chontae Phort Láirge agus ó Chontae Chorcaí go dtí áiteanna éagsúla ar domhan le linn na tréimhse 1815-1905.