Scipeáil chuig ábhar

Radón

Is gás radaighníomhach é radón a thagann ó mheath úráiniam atá i láthair i ngach carraig agus ithir.

Is gás radaighníomhach é radón a thagann ó mheath úráiniam atá i láthair i ngach carraig agus ithir. Níl aon dath, blas ná boladh air agus ní féidir é a thomhas ach le brathadóirí speisialta. Lasmuigh, ní fadhb é radón mar go gcaolaíonn sé go tapa go tiúchain neamhdhíobhálach. Mar sin féin, nuair a théann sé isteach i spás iata, amhail teach nó foirgneamh eile, is féidir leis carnadh uaireanta go leibhéil thar a bheith ard.

Meathlaíonn radón chun cáithníní beaga radaighníomhacha a fhoirmiú agus, nuair a ionanáiltear iad, is féidir leo dáileog radaíochta a chruthú a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chealla sna scamhóga agus an baol ailse scamhóg a mhéadú. In Éirinn, tá thart ar 350 cás ailse scamhóg nasctha le radón gach bliain.

Tá seans níos mó ann go mbeidh fadhb radóin i dtithe i gcodanna áirithe d'Éirinn. Tugtar ceantair ard-radóin orthu seo. Léarscáil riosca radóin nuashonraithe an EPA inseoidh sé duit an bhfuil do theach i gCeantar Ard-Radóin. Taispeántar Ceantair Ard-Radóin i ndath dearg.

Is furasta tástáil a dhéanamh ar radón agus is furasta leibhéil an radóin i do theach a laghdú. Is é 200 beicireil in aghaidh an mhéadair chiúbaigh (Bq/m3) an leibhéal tagartha náisiúnta do radón i dtithe. Go hidéalach, ba chóir go mbeadh leibhéil radóin faoi bhun an luacha seo i ngach teach.

Má léiríonn tástáil radóin tiúchain radóin os cionn an luacha seo, moltar bearta leighis a ghlacadh chun na leibhéil radóin a laghdú.

De réir dlí (Airteagal 66 d'Ionstraim Reachtúil Uimh. 30 2019) ceanglaítear ar fhostóirí atá lonnaithe i gceantair ina bhfuil leibhéil arda radóin a n-áitreabh a thástáil le haghaidh radóin. Is é 300 Bq/m3 an leibhéal inghlactha, nó an Leibhéal Tagartha, d’ionaid oibre in Éirinn. Má aimsítear tiúchain radóin os cionn an luacha seo tar éis tomhais radóin, tá gá le bearta leighis chun na leibhéil radóin a laghdú agus ní mór iad a chríochnú laistigh de 12 mhí.

Seiceáil an bhfuil d'ionad oibre i limistéar ard-radóin ar ár suíomh gréasáin. Léarscáil Radóin in Áiteanna Oibre.

Chun níos mó a fhoghlaim:

Suíomh gréasáin: www.radon.ie

Saorfhón: 1800 300 600

r-phost: radon@epa.ie