Scipeáil chuig ábhar

I bPlean Gníomhaíochta Aeráide na hÉireann, aithníodh údaráis áitiúla mar phríomh- chumasóirí chun gníomhaíocht aeráide a chur chun cinn ina gceantair áitiúla agus d’éiligh an plean go n-aithneodh gach údarás áitiúil
Crios Dícharbónú.

Is é an misean atá againn i gComhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ná Port Láirge a dhéanamh ar an áit is fearr agus is féidir dá mhuintir go léir agus dóibh siúd ar mian leo cónaí, cuairt a thabhairt, obair nó infheistíocht a dhéanamh anseo. Tugadh aitheantas don mhisean seo agus don éagsúlacht tionscadal a bhí ina chroílár nuair a bhuaigh Port Láirge an teideal An Áit is Fearr le Cónaí In Éirinn 2021. Ag teacht lena ainmniú mar an Áit is Fearr le Cónaí in Éirinn, Tá sé de rún ag Port Láirge an clár oibre náisiúnta um athrú aeráide a threorú agus a bheith ar an gcéad chathair in Éirinn le neodracht charbóin a bhaint amach.

Le deich mbliana anuas agus níos mó, tá Port Láirge ag obair go gníomhach i dtreo Neodracht Charbóin agus ag ullmhú do thionchair an athraithe aeráide trí bhearta beartais agus trí thionscadail oiriúnaithe agus maolaithe araon a chur i bhfeidhm.

Tá an Treochlár struchtúrtha thart ar shé chlárghrúpa chun Port Láirge neodrach ó thaobh carbóin de a sheachadadh atá dírithe ar ár mór-astaíochtaí a laghdú nó a dhíchur agus inbhuanaitheacht a fhorbairt trí chomhoibriú, nuálaíocht agus athrú iompraíochta.

Treochlár maidir le Neodracht Charbóin 2040