Tá an Chomhairle tiomanta i gcónaí do chomhpháirtíocht chultúrtha leanúnach arna cruthú ag Tairiscint na dTrí Deirfiúr
Thug baill de Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge aitheantas inniu do chrua agus d’obair agus do thiomantas fhoireann na dTrí Deirfiúr nár éirigh leo ina n-iarratas ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa (ECoC) 2020.
Rinne siad comhghairdeas freisin le Gaillimh as an rath a bhí orthu agus ghuigh siad gach rath orthu in 2020.
Chruthaigh réigiún na dTrí Deirfiúr (Port Láirge, Loch Garman agus Cill Chainnigh) comhpháirtíocht stairiúil in iarracht Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 a bhuachan. Is é seo an chéad uair i stair 31 bliain de chomórtas cultúrtha an Aontais Eorpaigh go bhfuil trí chontae aontaithe le chéile mar comhpháirtithe comhionanna chun tairiscint a dhéanamh ar an teideal. Cuireann an chomhpháirtíocht uathúil acmhainneacht ollmhór ar fáil trí Straitéis Chultúr Réigiúnach a chur i bhfeidhm, a ghlac na trí chomhairle d'aon toil i mí Bealtaine na bliana seo.
Bhronn painéal roghnúcháin na hEorpa an teideal ECoC 2020 ar Ghaillimh inniu, agus in ainneoin an nuacht díomách seo, tá Réigiún na dTrí Deirfiúr ag tnúth le todhchaí nua spreagúil.