Scipeáil chuig ábhar

Síntiúis Pholaitíochta Tríú Páirtí


Tá forálacha an An tAcht um Thoghcháin Áitiúla [Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh] 1999 mar atá leasaithe i ndáil le tríú páirtithe ceaptha chun an duine nó na daoine sin a thabhairt faoi réim an chórais síntiús polaitíochta atá i bhfeidhm ar leibhéal an rialtais áitiúil.

Sainmhínítear “tríú páirtí” sa reachtaíocht mar aon duine, seachas páirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta faoi Chuid III den Acht Toghcháin 1992 nó iarrthóir i dtoghchán, a ghlacann, i mbliain ar leith, le síntiús ar mó a luach ná €100.

Ceanglaítear ar thríú páirtí a fhaigheann síntiús airgid os cionn €100 clárú lena n-údarás áitiúil, cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus ráiteas airgeadais mar aon le deimhniú agus dearbhú reachtúil a chur faoi bhráid a n-údarás áitiúil tráth nach déanaí ná an 31 Márta i. gach bliain. Laghdaíodh an tairseach le haghaidh clárúcháin mar thríú páirtí agus chun cuntas síntiús polaitíochta a oscailt ó €126.97 go €100 le héifeacht ó 1 Eanáir 2013.

Cóip den “Treoirlínte do 3ú Páirtithe” ar fáil le híoslódáil thíos. Tá treoirlínte sa doiciméad seo chun cabhrú le tríú páirtithe a n-oibleagáidí faoin Acht a chomhlíonadh agus tá faisnéis ann maidir le ceanglais chlárúcháin, teorainneacha síntiús, síntiúis thoirmiscthe agus oscailt cuntas síntiús polaitíochta.

Doiciméad treoirlínte

Ráitis Síntiús