- Séan McKeown
- Ivan Grimes
- Michael Quinn
- Bernard Pollard
- Gabriel Hynes
- Seamus De Faoite
Tá struchtúr bainistíochta Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge roinnte i 5 stiúrthóireacht, agus Stiúrthóir Seirbhísí i gceannas ar gach ceann díobh. Príomhfheidhmeannach, an tUasal Seán McKeown, atá i gceannas ar an bhFoireann Ardbhainistíochta.
Ar thosach feidhme an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, 1 Meán Fómhair 2015, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí a bhfuil Oifigigh Phoiblí Ainmnithe aige faoi alt 6(4) den Acht liosta a fhoilsiú a thaispeánfaidh ainm, grád agus mionsonraí gearra ar ról agus ar fhreagrachtaí gach “Oifigeach Poiblí Ainmnithe” de chuid an chomhlachta. .
Tá dhá chuspóir ag an liosta: 1) Cead a thabhairt do bhaill an phobail na daoine sin atá ina nOifigigh Phoiblí Ainmnithe a shainaithint; agus 2) Mar acmhainn do bhrústocairí a chomhdaíonn tuairisceán ar an gClár a bhféadfadh go mbeadh orthu sonraí Oifigeach Poiblí Ainmnithe a aimsiú.
gach Ball Tofa de Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ina ‘Oifigeach Poiblí Ainmnithe’ faoin Acht seo freisin. Tá ainmneacha agus teidil na n-oifigeach seo le feiceáil thíos.
| Teideal | Freagracht | Ainm |
| Stiúrthóir Seirbhísí | Bóithre, Uisce & Comhshaol | Gabriel Hynes |
| Ceann Airgeadais | Airgeadas & Bainistíocht Costas | Bernard Pollard |
| Stiúrthóir Seirbhísí | Forbairt Eacnamaíochta | Michael Quinn |
| Stiúrthóir Seirbhísí | Pleanáil, Corparáideach, Cultúr, AD & IS | Ivan Grimes |
| Stiúrthóir Seirbhísí | Seirbhísí Tithíochta, Pobail & Éigeandála | Séamus de Faoite |
Tá cód ullmhaithe agus foilsithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, i.e. ar a dtugtar an “Cód Trédhearcachta”, ina leagtar amach conas is féidir le comhlachtaí poiblí ábhartha áirithe, amhail grúpaí comhairleacha aireachta, a ngníomhaíochtaí a sheoladh ar bhealach trédhearcach. Trí chloí leis an gCód Trédhearcachta, chomhlíonfadh cumarsáidí laistigh de na comhlachtaí sin an díolúine ón gceanglas maidir le clárú agus tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí brústocaireachta.
Seol gach fiosrúchán tosaigh chuig Seirbhísí do Chustaiméirí ag contact@waterfordcouncil.ie nó glaoigh 0818 10 20 20
* Foilsítear an fhaisnéis seo de réir ‘An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015’ – sonraí Oifigigh Phoiblí Ainmnithe – Alt 6(4) den Acht sin. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach www.lobbying.ie