Scipeáil chuig ábhar

Araidí & Athchúrsáil

Ní oibríonn Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge seirbhís bailithe bruscair tí. Tá liosta de bhailitheoirí príobháideacha dramhaíola tí i gCathair agus i gContae Phort Láirge le híoslódáil thíos.

Is féidir dramhaíl ghuaiseach ó do theach a thabhairt chuig Láithreáin Áiseanna Cathartha Bhéal Átha na Muc nó Chill Barra m.sh. Péint, ola innill, feadáin fluaraiseacha, cadhnraí, etc.

Athchúrsáil


Tá gach earra atá liostaithe thíos saor in aisce le diúscairt, má thugtar chuig ceann dár Láithreáin Áiseanna Cathartha iad:

  • Gloine – Glas, Donn & Geal
  • cannaí
  • Cadhnraí
  • Míreanna Leictreonacha agus Leictreacha Dramhaíola
  • Teicstílí
  • Adhmad gan chóireáil
  • Soilsiú fluaraiseach

Tá táille ar ábhair thirime in-athchúrsáilte eile, m.sh. páipéar, cairtchlár agus plaisteach. Le haghaidh rátaí ar na míreanna seo, féach ar na leathanaigh aonair le haghaidh CAS Chill Barra agus CAS Bhéal Átha na Muc.

Liosta Athchúrsála Éireann


Chun coimeád suas le caighdeáin idirnáisiúnta san athchúrsáil, tá liosta de na hábhair is féidir leat a chur i do bhosca bruscair athchúrsála tí curtha le chéile ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Cinntigh le do thoil go bhfuil na hearraí glan, tirim agus curtha go scaoilte sa bhosca bruscair. Mura bhfuil sé ar an liosta, níl sé sa bhosca bruscair athchúrsála.

Ábhair Choitianta In-athchúrsáilte