Scipeáil chuig ábhar

Forbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe

Tá Foireann Eastát Neamhchríochnaithe bunaithe ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge chun cabhrú le forbairtí tithíochta i bPort Láirge a thabhairt chun críche.

Is é príomhchuspóir na foirne seo ná bainistiú a dhéanamh ar chríochnú agus ar chomhlíonadh forbairtí tithíochta a tógadh go príobháideach.

Is é príomhfhócas Aonad na nEastát aon cheisteanna láithreacha sábháilteachta poiblí a réiteach agus ansin aghaidh a thabhairt ar na lochtanna tromchúiseacha go léir sna forbairtí tithíochta neamhchríochnaithe atá aitheanta. Faoi láthair tá 50 forbairt sa phróiseas tithíochta neamhchríochnaithe, gach ceann acu ag céimeanna éagsúla críochnaithe. Tá cur chuige comhoibríoch glactha ag Aonad an Eastáit maidir le réiteach forbairtí le páirtithe leasmhara ar nós an GNBS, Institiúidí Airgeadais, Glacadóirí, Leachtaitheoirí, Soláthraithe Slándála, Conraitheoirí, Forbróirí agus níos tábhachtaí fós, na cónaitheoirí.

Más mian leat a fháil amach an bhfuil d’eastát tithíochta ar Chlár Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, déan teagmháil le do thoil le hAonad Eastáit na Roinne Pleanála ag pleanáil@waterfordcouncil.ie

Féach anseo thíos le do thoil le haghaidh Treoir do Chónaitheoirí atá ina gcónaí i bhForbairt Tithíochta Neamhchríochnaithe.

Treoir Chónaitheoirí UHD.