Scipeáil chuig ábhar

Conas Iarratas a Dhéanamh ar Chead Pleanála


Ar an gcéad dul síos, molaimid do dhaoine iarratas a dhéanamh ar Chead Pleanála ar líne, ag baint úsáide as an Tairseach rPhleanála.

Leis an tseirbhís is féidir leat;

  • Faigh/Féach ar Iarratas Pleanála atá ann cheana féin
  • Déan agus Bainistigh Iarratas Pleanála
  • Déan Aighneacht/Agóid ar Iarratas Pleanála atá ann cheana féin
  • Féach ar/Déan Aighneachtaí ar Scéimeanna Chuid 8
Déan Iarratas ar Chead Pleanála Ar Líne

Cathain a theastaíonn Cead Pleanála?


Go ginearálta, teastaíonn cead pleanála uait le haghaidh aon fhorbairt talún nó réadmhaoine, mura bhfuil an fhorbairt go sonrach díolmhaithe ón gceanglas seo.

Áirítear leis an téarma ‘forbairt’ oibreacha (tógáil, scartáil, athrú) ar thalamh nó foirgnimh agus/nó athrú ábhartha (.i. suntasach) a dhéanamh ar úsáid talún nó foirgneamh.

Chun iarratas a dhéanamh ar chead pleanála, ba chóir d’iarratasóir ‘Iarratas Pleanála Caighdeánach’ (thíos) mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha go léir agus an táille chuí a chur isteach chuig: An Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Foirgneamh Menapia, An Meal, Port Láirge.